Seanmóir an tEaspag Leo Ó’Raghallaigh  

Aifreann Na Fleidhe  

Ardeaglais N. Pádraig agus Feidhlimid, An Cabhán 

21 Lúnasa 2011

 

A phobal Dé: Is iontach an seachtain í seo i saol bhaile an Chabáin. Tá na sluaite daoine anseo agus bhí i rith na seacthtaine.  ‘Sé an rud a tharraing an oiread sin daoine anseo ná grá don chultúr Gaelach, go mór mhór grá don cheol agus don damhsa traidisiúnta. Taispeánnan imeachtaí den saghas seo, cé chomh tábhactach agus chomh luachmhar is atá an traidisiún sin, an oidhreacht cheoil agus chultúr a thánaig dúinn ó na glúnta a d’imigh romhainn.

Traidisiún eile atá tabhactach eadrainn, ‘sé sin traidisiún an chreidimh, traidisiún an Aifrinn a bhí i gcónaí lárnach i saol gnáth daoine na hÉireann. Níl an traidisiún sin chomh láidir inniú is a bhí sé uair amháin. Ach is cúis dóchais í an slua atá anseo agus go mór mhór an oiread sin daoine óga atá inár measc. Agus nach breá an rud é an dhá traidisiún – an chultúr agus an chreidimh – ag obair le chéile i gceiliúrú an Aifrinn.

Is oidhreacht luachmhar í an creideamh a bhfuair muid ón ár sinsear romhainn. Bhí siadsan réidh géarleanuint agus an bás féin a fhulaingt ar son an chreidimh. Bhí siad réidh crúatán a fhulaingt ar son an Aifreann. I rith ré na bpéin dlíthe bhí orthú freastal ar an aifreann faoi bhaisteach agus sneachta, ag carraigeacha Aifreann amuigh faion spéir. Chreid siad gurb é an t-Aifreann an rud is tabhachtaí ar an domhain mar chreid siad go dtagann Íosa Críost, Mac Dé, inár measc i rith an Aifrinn.  

Téann traidisiún an chreidimh siar go dtí Críost féin. Is é an creideamh céanna a thaispeán naomh Peadar agus na hAspail nuair a chur Íosa an cheist orthú i Soiscéal an lae inniú: Cé hé a deir na daoine Mac an Duine? Agus d’fhreagar Peadar: Deir cuid acu Eoin Báiste, cuid eile Éilias; tuilleadh acu Iarimiá.. Agus ansin chur Íosa an cheist orthú go díreach: Cé a deir sibhse mé? Agus dúirt Peadar: Is tú an Críost, Mac Dé beo.

Díríonn Íosa an cheist chéanna orainne freisin. Cé a deir tusa Íosa? Ní hí an cheist, cé a deir an Pápa nó cé a deir an bíobla, ach cé a deir tú féin? Cuireann Íosa an cheist seo ar gach duine dínn, agus tugann gach aoinne freagra de shaghas éigin air. Deirfidh dream amháin: Is duine as síscéal é; deirfidh dream eile: is duine ón ám fadó fadó é, nach bhfhuil mórán baint aige leis an saol atá inniú ann. Mar Chríostaíthe tugaimid an freagra, Is tú an Críost, Mac Dé, fíor Dhia agus fíor dhuine. Is tú an Críost a déirigh ó na marbh agus a mhaireann linn go fóil. Is tú a thagann chugainn inniú san aifreann seo. Is tú a labhair do bhriathar linn sna léachtaí agus sa Soiscéal. Is tú a ghlachfaimid sa chomaoin agus is tú a shiúilfidh linn i rith na seachtaine atá romhainn.

Mar a dúirt me, ceiliúrimid dhá traidisiún luachmhara inniu – traidisiún an cheoil agus traidisiún an chreidimh. Téann siad le chéile go hiontach maith. Is léir go bhfhuil cuid mhaith daoine atá dílis don traidisiún amháin atá dílis don cheann eile chomh maith. Is féidir linn tacaíocht a thabhairt dá chéile. Mar a deir an sean-fhocal: ní neart go cur le chéile.

Comhghairdeas agus ár míle buíochas  d’eagraítheoirí na Fleidhe de bharr an obair iontach a rinne siad agus a gcuiditheórí go léir ag ullmhú an fhéile cheoil seo don tarna h-uair. Ár mbuíochas freisin do na iomaitheoirí agus na ceoilteorí go léir a rinne siamsa dúinn i rith na seachtaine. Agus míle buíochas do na daoine a d’ullmhaigh agus a bhí páirteach san Aifreann. Tá an dhá traidisiún go beo bríomhar go fóil. Go mairfidh agus go méadaigh an dhá cheann acu.